Tá blian nó níos mó 'gam ag éisteacht,
Le cogar doilíosach mo mheoin,
Ó casadh liom grá geal mo chléibhe,Tráthnóna brea gréine san fhómhar.
Bhí an bhó bhainne chumhra ag géimneach,
Is na h-éanlaith go meidhreach ag ceol,
Is ar bhruach an tsruthán ar leathaobh dhom,
Bhí cailín deas crúite na mbó.
Tá a súile mar lonradh na gréine,
Ag scaipeadh trí spéartha gan cheo,
's is deirge a grua ná na caora,
Ar lasadh measc craobha na gcnó,
Tá a béilin níos dílse na sméara,
's is gile ná leamhnacht a snó,
Níl ógbhean níos deise san saol seo,
Ná cailín deas crúite na mbó.
Dá bhfaighinnse árd Tiarnas na hÉireann,Éadacha, síoda is sróil,
Dá bhfaighinnse an bhanríon is airde,
Dá bhfuil ar an dtalamh so beo,
Dá bhfaighinnse céad loingis mar spré dhom,
Píoláidi, caisleáin is ór,
Bfhearr liom bheith fán ar na sléibhte,
Lem chailín deas crúite na mbó,
Muna bhfuil sé i ndán dom bheith in éineacht,
Leis an spéirbhean ró-dhílis úd fós,
Is daoirseach, dubhrónach mo shaolsa,Gan suaimhneas, gan éifeacht, gan treo,
Ní bheidh sólás im chroí ná im intinn,
Ná suaimhneas orm oíche ná ló,
Nó bhfeice mé taobh liom óna muintir,
Mo cailín deas crúite na mbó。