Is thiar cois abhainn gan bhréag gan dabht
Tá an ainnir chiúin tais mhánla
Is gur ghile a com ná an eala ar an dtonn
Ó bhaitheas go bonn a bróige
'Sí an stáidbhean í a chráigh mo chroí
Is d'fhág sí i m'intinn brónach
Is leigheas le fáil níl agam go brách
Ó b'fhearr liom fhéin ná Éire mhóir
Ná saibhres Rí na Spáinne
Go mbéinnse 'gus tusa i lúb na finne
I gcoilltibh i bhfad ón ár gcáirde
Ó mise 'gus tusa bheith pósta a ghrá
Le haontoil athar is máthair
A mhaighdean óig is milse póg
'S tú grian na Carraige Báine
Is thiar cois abhainn gan bhréag gan dabht
Tá an ainnir chiúin tais mhánla
Is gur ghile a com ná an eala ar an dtonn
Ó bhaitheas go bonn a bróige
'Sí an stáidbhean í a chráigh mo chroí
Is d'fhág sí i m'intinn brónach
Is leigheas le fáil níl agam go brách
Ó dhiúltaigh mo ghrá gheal domsa