Ceol A'phiobaire - Altan
Má phósann tú an siostalóir is tú a bheas ag caoineadh
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó
Ó beidh tú do thachtadh le barrach na tíre
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó
Ó beidh tú 'do shuí go mbeidh sé an meán oíche
Ag síordhó na gcoinneal is ag sciobadh an lín dó
Mile b'fhearr duit mise agat is ceol binn mo phíoba
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó
Má phósann tú an fíodóir is tú a bheas ag caoineadh
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó
Beidh cead luig laig ag an úim a scaoileadh
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó
Ó beidh tú 'do shuí go mbeidh sé an meán oíche
Ag síordhó na gcoinneal is ag crónan fán íneadh
Mile b'fhearr duit mise agat is ceol binn mo phíoba
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó
Má phósann tú an tailliúr is tú a bheas ag caoineadh
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó
Beidh sop I mbéal an dorais mar bheadh madadh ar charnán aoiligh
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó
Ó beidh tú 'do shuí go mbeidh sé an meán oíche
Ag síordhó na gcoinneal is ag creimneáil na bpíosaí
Mile b'fhearr duit mise agat is ceol binn mo phíoba
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó